Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí Forléargas Le cúig bliana anuas, tá an tAontas ag tabhairt aghaidh ar chlár uaillmhianach maidir le nuachóiriú. Le linn an tsainordaithe sin, díreoidh an Coimisiún Eorpach ar chur chun feidhme, ar infheistíocht agus ar athchóiriú chun ullmhú don todhchaí. Is é a bheidh i gceist leis sin buiséad níos simplí, a mbeidh tionchar níos mó aige, a fhorbairt don Aontas chun cistí a chur ar fáil sna háiteanna is mó a bhfuil tábhacht leo; athchóirithe a chur chun feidhme chun dea-fheidhmiú aontais níos mó a chinntiú agus an chomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa a neartú. Beidh baint ag an obair sna réimsí sin leis na gníomhaíochtaí i dtaca lenár dtosaíochtaí eile agus ceanglófar ar institiúidí agus ar thíortha an Aontais oibriú le chéile mar fhoireann.An méid a chabhraíonn buiséad an Aontais chun tacú leis 31.5 milliúnlíon na ndaoine a bhain tairbhe as an tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) in 2020€270 billiúneisíoctha le haghaidh téarnamh eacnamaíoch thíortha an Aontais a bhuí le NextGenerationEU Cuspóirí Buiséad nua atá oiriúnach dár n-uaillmhiantachun ár n-acmhainn airgeadais a úsáid ar an mbealach is fearr is féidirClár oibre uaillmhianach don Eoraip i dtaca le hathchóiriúchun feidhmiú cuí Aontais níos mó a chinntiúAn chomhpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa a neartúchun beart a dhéanamh le chéile ar bhealach níos éifeachtaí An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach Le linn shainordú an Choimisiúin idir 2024 agus 2029 agus chun an Eoraip a choinneáil ar a bhealach i dtreo an nuachóirithe agus na hullmhachta don todhchaí, cuirfimid an méid seo a leanas i gcrích:Buiséad nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta Chun leanúint dár n-uaillmhianta a bhaint amach, tá buiséad nua-aimseartha treisithe de dhíth orainn. Chuige sin, beidh orainnbuiséad fadtéarmach nua a mholadh in 2025 a bheidh níos dírithe ar ár dtosaíochtaí, a oibreoidh ar bhealach níos simplí, agus a mbeidh tionchar níos mó aige trí ghiaráil mhéadaithe ar mhaoiniú náisiúnta, príobháideach agus institiúideachgan cistí de chuid an Aontais a chur ar fáil ach amháin i gcás ina n-urramaítear an smacht reachtaioncaim do bhuiséad an Aontais a neartú agus a nuachóiriú le hacmhainní dílse nua chun maoiniú leordhóthanach a chinntiú dár dtosaíochtaí coiteannaár maoiniú gníomhaíochta seachtraí a athchóiriú, chun gur mó an tionchar a bheidh aige ar ár gcomhpháirtithe, chun gur spriocdhírithe a bheidh sé dóibh, agus chun gur ailínithe a bheidh sé lenár leasanna straitéiseacha Clár oibre uaillmhianach don Eoraip i dtaca le hathchóiriú Chun feidhmiú cuí ár nAontais a chinntiú i bhfianaise méaduithe amach anseo, tá gá le hathchóirithe uaillmhianacha. Ní mór dúinn a bheith in ann dul i ngleic le dúshláin gheopholaitiúla agus dlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú. Chuige sin, déanfaimid an méid seo:leanfaimid den obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpatacóimid le hathrú ar an gconradh i gcás inar féidir leis an méid sin an tAontas seo againne a fheabhsúdéanfaimid obair chun a chinntiú go mbeidh tíortha an Aontais agus tíortha a bheidh mar chuid den Aontas amach anseo ullmhaithe le haghaidh mhéadú an Aontaiscuirfimid athbhreithnithe beartais roimh mhéadú i láthair ina ndíreofar ar earnálacha aonair, cuir i gcás an smacht reachta, an margadh aonair, an tslándáil bia, cosaint agus slándáil, an aeráid agus fuinneamh agus imircecuirfimid tograí ar aghaidh chun feabhas a chur ar chumas na hEorpa gníomhú, agus muid ag féachaint ar fhormáidí nua agus ar phróisis chinnteoireachta nua, tograí le haghaidh Aontas níos mó ina measc Comhpháirtíocht neartaithe le Parlaimint na hEorpa Chun ár gcomhpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa a neartú, ionas gur féidir linn beart a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí le chéile, déanfaimid an méid seo a leanas:leanfaimid de thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh reachtacha Pharlaimint na hEorpaneartóimid ár n-idirphlé agus ár gcomhar leis an bParlaimint, agus Coimisinéirí rannpháirteach in idirphlé struchtúrtha le coistí Parlaiminteacha nuair a iarrann an Pharlaimint ar an gCoimisiún togra dlí a thíolacadh (i gcomhréir le hAirteagal 225 CFAE)oibreoimid i gcomhar le Parlaimint na hEorpa chun athbhreithniú a dhéanamh ar ár gCreat-Chomhaontú chun ár bhfreagracht pholaitiúil chomhpháirteach a neartú, sreabhadh na faisnéise a mhéadú agus trédhearcacht níos fearr a chinntiúár n-idirphlé a neartú agus a chinntiú go mbeidh Coimisinéirí i láthair níos minice ina gcoistí faoi seach agus i seisiúin iomlánacha na Parlaiminte.The European Parliament in Strasbourg An dul chun cinn go dtí seo Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo. An 16 Samhain 2024Comhaontú polaitiúil ar bhuiséad bliantúil an Aontais 20257 Feabhra 2024Comhaontú polaitiúil ar an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-202721 Samhain 2023Sheol an Coimisiún timthriall Sheimeastar Eorpach 2024 a chuidíonn chun dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta san Aontas a shainaithint I lár an aonaigh An beartas comhtháthaithe a ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha an AontaisFaoin athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, mhol an Coimisiún Eorpach leasuithe ar dhlíthe atá ann cheana agus d’iarr sé ar thíortha an Aontais a gcláir chomhtháthaithe a choigeartú chun infheistíocht a dhéanamh i dtosaíochtaí straitéiseacha an Aontais. Léiríonn na tosaíochtaí na dúshláin is práinní atá roimh an Aontas, ina measc sin feabhas a chur ar iomaíochas, cosaint, slándáil agus tacaíocht an Aontais le haghaidh réigiúin na teorann oirthearaí, chomh maith le tithíocht inacmhainne, athléimneacht i réimse an uisce, agus an t-aistriú fuinnimh. Tá an Coimisiún ag iarraidh an ghníomhaíocht ath-chlársceidealaithe comhtháthaithe a thabhairt i gcrích le tíortha agus réigiúin an Aontais in 2025 ionas gur féidir tús a chur leis na cláir nua a chur i bhfeidhm go luath in 2026. Tá ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe ó thaobh éagothromaíochtaí a laghdú idir réigiúin an Aontais de chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, agus chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos cothroime. Tuilleadh eolais Topaicí gaolmharaBuiséad an AontaisMéadú Cé atá i gceannasRaffaele FittoLeas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chomhtháthú agus AthchóiritheMaroš ŠefčovičCoimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch; An Caidreamh agus an Trédhearcacht IdirinstitiúideachValdis DombrovskisCoimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht; Cur Chun Feidhme agus SimpliúPiotr SerafinCoimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí Tosaíochtaí eile an ChoimisiúinIomaíochasSlándáil agus cosaintAn cothroime shóisialta EorpachCáilíocht saoilAn daonlathas agus ár luachannaAn Eoraip dhomhanda
Chun leanúint dár n-uaillmhianta a bhaint amach, tá buiséad nua-aimseartha treisithe de dhíth orainn. Chuige sin, beidh orainnbuiséad fadtéarmach nua a mholadh in 2025 a bheidh níos dírithe ar ár dtosaíochtaí, a oibreoidh ar bhealach níos simplí, agus a mbeidh tionchar níos mó aige trí ghiaráil mhéadaithe ar mhaoiniú náisiúnta, príobháideach agus institiúideachgan cistí de chuid an Aontais a chur ar fáil ach amháin i gcás ina n-urramaítear an smacht reachtaioncaim do bhuiséad an Aontais a neartú agus a nuachóiriú le hacmhainní dílse nua chun maoiniú leordhóthanach a chinntiú dár dtosaíochtaí coiteannaár maoiniú gníomhaíochta seachtraí a athchóiriú, chun gur mó an tionchar a bheidh aige ar ár gcomhpháirtithe, chun gur spriocdhírithe a bheidh sé dóibh, agus chun gur ailínithe a bheidh sé lenár leasanna straitéiseacha
Chun feidhmiú cuí ár nAontais a chinntiú i bhfianaise méaduithe amach anseo, tá gá le hathchóirithe uaillmhianacha. Ní mór dúinn a bheith in ann dul i ngleic le dúshláin gheopholaitiúla agus dlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú. Chuige sin, déanfaimid an méid seo:leanfaimid den obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpatacóimid le hathrú ar an gconradh i gcás inar féidir leis an méid sin an tAontas seo againne a fheabhsúdéanfaimid obair chun a chinntiú go mbeidh tíortha an Aontais agus tíortha a bheidh mar chuid den Aontas amach anseo ullmhaithe le haghaidh mhéadú an Aontaiscuirfimid athbhreithnithe beartais roimh mhéadú i láthair ina ndíreofar ar earnálacha aonair, cuir i gcás an smacht reachta, an margadh aonair, an tslándáil bia, cosaint agus slándáil, an aeráid agus fuinneamh agus imircecuirfimid tograí ar aghaidh chun feabhas a chur ar chumas na hEorpa gníomhú, agus muid ag féachaint ar fhormáidí nua agus ar phróisis chinnteoireachta nua, tograí le haghaidh Aontas níos mó ina measc
Chun ár gcomhpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa a neartú, ionas gur féidir linn beart a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí le chéile, déanfaimid an méid seo a leanas:leanfaimid de thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh reachtacha Pharlaimint na hEorpaneartóimid ár n-idirphlé agus ár gcomhar leis an bParlaimint, agus Coimisinéirí rannpháirteach in idirphlé struchtúrtha le coistí Parlaiminteacha nuair a iarrann an Pharlaimint ar an gCoimisiún togra dlí a thíolacadh (i gcomhréir le hAirteagal 225 CFAE)oibreoimid i gcomhar le Parlaimint na hEorpa chun athbhreithniú a dhéanamh ar ár gCreat-Chomhaontú chun ár bhfreagracht pholaitiúil chomhpháirteach a neartú, sreabhadh na faisnéise a mhéadú agus trédhearcacht níos fearr a chinntiúár n-idirphlé a neartú agus a chinntiú go mbeidh Coimisinéirí i láthair níos minice ina gcoistí faoi seach agus i seisiúin iomlánacha na Parlaiminte.The European Parliament in Strasbourg
An beartas comhtháthaithe a ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha an AontaisFaoin athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, mhol an Coimisiún Eorpach leasuithe ar dhlíthe atá ann cheana agus d’iarr sé ar thíortha an Aontais a gcláir chomhtháthaithe a choigeartú chun infheistíocht a dhéanamh i dtosaíochtaí straitéiseacha an Aontais. Léiríonn na tosaíochtaí na dúshláin is práinní atá roimh an Aontas, ina measc sin feabhas a chur ar iomaíochas, cosaint, slándáil agus tacaíocht an Aontais le haghaidh réigiúin na teorann oirthearaí, chomh maith le tithíocht inacmhainne, athléimneacht i réimse an uisce, agus an t-aistriú fuinnimh. Tá an Coimisiún ag iarraidh an ghníomhaíocht ath-chlársceidealaithe comhtháthaithe a thabhairt i gcrích le tíortha agus réigiúin an Aontais in 2025 ionas gur féidir tús a chur leis na cláir nua a chur i bhfeidhm go luath in 2026. Tá ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe ó thaobh éagothromaíochtaí a laghdú idir réigiúin an Aontais de chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, agus chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos cothroime. Tuilleadh eolais
Maroš ŠefčovičCoimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch; An Caidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach