Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Eolas faoin gcinnteoireachtDéantar beartais agus dlíthe an Aontais a cheapadh go cúramach chun go rachaidh siad chun tairbhe do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do pháirtithe leasmhara eile san Aontas. Le huirlisí rialála níos fearr, cinntítear go bhfuil beartais bunaithe ar an bhfianaise agus ar an dea-chleachtas is fearr. Tagann an Coimisiún ar chomhaontú faoi thionscnamh le linn chruinnithe seachtainiúla na gCoimisinéirí, faoin nós imeachta ó bhéal nó faoin nós imeachta i scríbhinn, ag brath ar thábhacht an tionscnaimh ó thaobh na polaitíochta de. How the Commission plans An chaoi a dtéann an Coimisiún i mbun pleanálaSula molann an Coimisiún beartas nó dlí nua, déanann sé an méid seo a leanas:cur síos ar an tionscnamh i dtreochlár nó measúnú tionchair tosaighscrúdú, i measúnú tionchair, ar na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith anniarraidh ar an bpobal agus ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt, mar shampla trí chomhairliúcháin phoiblíFéadfaidh saoránaigh beartais nó dlíthe nua don Aontas Eorpach a mholadh leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.Clár oibreAn nuacht is déanaí a fháil maidir le treochláir agus comhairliúcháin phoiblí nuaDo thuairimí a nochtadh dúinn agus páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblíAn chaoi a ndéanann an Coimisiún cinntíNuair a bhíonn bailchríoch curtha ar an dréacht-téacs, tar éis na tuairimí go léir a fuarthas i dtaobh an tionscnaimh a chur san áireamh, cuirtear isteach le haghaidh comhairliúchán idirsheirbhíse é. Téitear i gcomhairle leis na ranna ábhartha uile ina leith. Déanann an Coimisiún tionscnamh le haghaidh beartas nó dlí nua a chomhaontú le linn chruinnithe seachtainiúla na gCoimisinéirí. Déantar sin faoin nós imeachta ó bhéal, nó faoin nós imeachta i scríbhinn, ag brath ar thábhacht an tionscnaimh ó thaobh na polaitíochta de.Faoin nós imeachta ó bhéal, déantar an tionscnamh a phlé agus tagann na Coimisinéirí ar chomhaontú faoi. Nó, is féidir leis na Coimisinéirí toiliú le tionscnamh nua i scríbhinn, trí leas a bhaint as an nós imeachta i scríbhinn. Ní féidir é seo a lorg ach amháin má aontaíonn an tSeirbhís Dlí agus aon roinn eile a ndeachthas i gcomhairle léi ag céim na pleanála agus ag céim an togra.An tionscnamh críochnaitheachAg brath ar an gcineál dlí atá tugtha chun críche ag an gCoimisiún, féadfar téacs an tionscnaimh a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chomh maith lena sheoladh chucu sin ar a bhfuil sé dírithe, amhail Ballstáit an Aontais. Féadfar é a fhoilsiú freisin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.Tuilleadh eolais faoi rialacha nós imeachta an Choimisiúin. How the Commission decides Má bhíonn gá le gníomh reachtachMá chinneann an Coimisiún go bhfuil gá le gníomh reachtach, beidh céimeanna éagsúla i gceist don tionscnamh sula ndéanfar dlí de chuid an Aontais de go hoifigiúil. Glactar an chuid is mó de dhlíthe an Aontais faoi phróiseas ar a dtugtar an gnáthnós imeachta reachtach, nós imeachta a mbíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle páirteach ann mar chomhreachtóirí.Tá tuilleadh eolais le fáil faoi na céimeanna éagsúla a bhíonn i gceist i bpróiseas reachtóireachta an Aontais Eorpaigh, nó is féidir leat aiseolas a thabhairt faoi thionscnaimh nua de chuid an Choimisiúin.Déanann an Coimisiún monatóireacht agus forfheidhmiúDéanann an Coimisiún monatóireacht féachaint an bhfuil na Ballstáit ag cur reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm mar is ceart (í a thrasuí sa dlí náisiúnta san áireamh) agus féadann sé nósanna imeachta um shárú a thosú mura bhfuil sin déanta acu. Ní mór do chuideachtaí dlíthe an Aontais maidir leis an iomaíocht a urramú, agus má sháraíonn siad iad – trí chairtéil a bhunú mar shampla – féadfaidh an Coimisiún imscrúdú a dhéanamh agus fíneálacha a ghearradh orthu.Gearán a dhéanamhMá cheapann tú nach bhfuil an dlí Eorpach á chur i bhfeidhm i gceart ag Ballstát nó ag cuideachta san Aontas, is féidir leat gearán a dhéanamh.Déanann an Coimisiún meastóireacht agus feabhsúcháinDéanann an Coimisiún meastóireacht leanúnach chun beartais agus dlíthe a fheabhsú sa chaoi agus go mbainfidh siad amach a gcuid cuspóirí ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla is féidir.REFIT – Dlí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos simplí agus níos neamhchostasaíMeastóireachtaí a phleanáilÚsáidtear treochláir mheastóireachta chun an pobal a chur ar an eolas faoi mheastóireachtaí atá le déanamh.Na meastóireachtaí atá beartaithe ó 2017 ar aghaidh